Sampo Terho agus an ciníochaí ina cheolchumadóir
2017-10-15 07:05:00 -
Column
0
13355

An Outside View/Léargas Taobh Amuig

Panu Höglund

 

Is iomaí deachtóir nó fear cumhachtach sna tíortha tíoránta ar theastaigh a bheith ina ealaíontóir. Chuala an saol iomrá ar Nearó, impire na Róimhe ar thabhaigh a chruáltacht a mhíchlú dó; bhí ardaidhmeanna ealaíontóireachta aige chomh maith agus nuair a bhí sé ag foghlaim an bháis, ba iad na focail deireanacha a sciorr uaidh ná: ”A leithéid d’ealaíontóir a chailltear ionam!” 

 

Bhí Nearó tugtha don cheoltóireacht, don aisteoireacht, do na rásaí carbad agus don phéintéireacht, agus cé go raibh gnaoi áirithe ag an daoscarshlua air lena linn, bhí cuid mhór d’uaisle coimeádacha na sean-Róimhe ag lochtú chaithimh aimsire seo an Impire, ó bhí siad barúlach nach raibh sé oiriúnach ag rialtóir na himpireachta dul lena leithéid de dhíomhaointeas.

 

Ar ndóigh, ní chaithfidh muid dul ar ais a fhad leis an tsean-Róimh. Mar is eol do chách, bhí suim ag Adolf Hitler sna healaíona freisin. Chaith sé féin seal ag iarraidh sciúrtóg éigin a shaothrú ar phictiúirí de sheanfhoirgnimh chuidsúlacha Vín, agus é ag áitiú air féin go raibh bua na péintéireachta aige

 

Níor dhruid sé ón gceol ach an oiread. Chuaigh ceoldrámaí rómánsúla náisiúnaíocha Richard Wagner go mór mór i bhfeidhm air, ”Rienzi” ach go háirithe: ba é ab ábhar don cheoldráma seosaol Cola di Rienzi, tuathghríosóir Iodálach ó laethanta na meánaoise deireanaí a gcuirfeadh a chinniúint gnéithe de shaol Hitler féin i gcuimhne duit. Bí ag caint ar an dóigh a ndéanann an réaltacht aithris ar an bhficsean! (Bhunaigh Wagner an scéal ar úrscéal Béarla, dála an scéil – úrscéal le hEdward Bulwer-Lytton, duine de na scríbhneoirí is leadránaí a bheartaigh peann riamh.)

 

Maidir le Stailín, deachtóir an Aontais Shóivéadaigh, chuaighi mbun pinn, ar dtús, le dánta a chumadh ina theanga dhúchais, an tSeoirsis – is é sin, an teanga Chugasach a labhraítear sa tSeoirsia. Bhí spéis aige i scarúnachas Seoirsiach sula ndeachaigh sé leis an sóisialachas, agus theastaigh uaidh a theanga dhúchais a chur chun cinn sa litríocht. 

 

Ní ba dheireanaí ina shaol, áfach, chuir sé an-strus air féin an Rúisis a fhoghlaim go paiteanta. Iad siúd a chuala ag labhairt sa teanga sin é, ba léir dóibh nach ón gcliabhán a bhí sí aige, ach san am chéanna bhí siad admhálach go raibh sé in ann a intinn a labhairt go bríomhar; ba ghnách dó seanfhocail Rúisise a tharraingt chuigetagairt a dhéanamh do litríocht chlasaiceach na Rúise. Bhí spéis aige i litríocht chomhaimseartha na Rúisise chomh maith, rud nach ndeachaigh chun leasa do gach scríbhneoir.

 

Ón taobh eile de tá a fhios ag an saol gur tháinig roinnt bheag scríbhneoirí as tréimhse na ngéarleanúintí móra toisc gur thaitin a gcuid saothar leis an deachtóir

 

Mar shampla, scríobh Mikhail Bulgakov dráma tuisceanach faoi na Bána – is é sin faoi naimhde na mBoilséavach i gcogadh cathartha na Rúise – a d’fhéadfadh na seantithe a tharraingt anuas air ón bpáirtí, ach ó bhí Stailín breá sásta leis an dráma agus é ag teacht go dtí Amharclann Ealaíonta Mhoscó oíche i ndiaidh a chéile leis an seansult a bhaint as in athuair, bhí an t-údar slán sábháilte. Níor cuireadh Bulgakov chun báis; scéal eile é áfach go raibh galar oidhreachtúil ag luí ar a dhuáin a mharaigh é sula raibh leathchéad bliain d’aois slánaithe aige.

 

Rith na fir mhóra thuasluaite liom nuair a chuala mé go raibh saothar ceolchumadóireachta le Sampo Terho, Aire Cultúir na Fionlainne, le seinm go poiblí in Kuopio, cathair in oirthear na Fionlainne a bhfuil traidisiúin áirithe ceoltóireachta clasaicí ag roinnt léi. 

 

Deich mbliana ó shin ba í an iarracht ‘chultúrtha’ ba mhó a bhí idir lámhaibh ag Terho ná ciníochas a phríomhshruthú. Ansin d’fhoilsigh sé ar an iris eite deise úd Kanava alt inar thrácht sé ar bhundúchasaigh ‘Mhongólóideacha’ Mheiriceá, mar shampla. D’imigh sin muis, agus tháinig seo, ach is dócha nár tháinig mórán athrú ar thuairimí Terho i leith na ‘gciníocha’ éagsúla, na ‘Mongólóidigh’ san áireamh.

 

Ar ndóigh is féidir le ciníochaí féin ceol binn a chumadh. Ach maidir leis an gcur síos a thug Terho ar an saothar agus ar a chuid ceoltóireachta sna hagallaimh, dealraíonn sé nach bhfuil mórán céille aige don cheol ach an oiread. Luaigh sé cúpla banna popcheoil a chuaigh i bhfeidhm air agus a bhfuil a dtionchar le haithint ar a shaothar, agus sin a raibh ann. 

 

Cosúil lena lán polaiteoirí eile ón eite dheis antoisceach san Fhionlainn níl i mo dhuine go bunúsach ach stócach a bhí ag céasadh giotáir i mbanna cúlsráide le súil is go dtabharfadh cailíní na cathrach nóisean dó, mar rac-réaltóg, agus nuair a d’iompaigh amach nach raibh sé in ann an aisling sin a chur i gcrích, is dócha go ndeachaigh sé le hantoisceachas eite deise lena dhíoltas a imirt ar an gcine daonna go léir.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.

TAGS :
Other Column News
Most Read
Most Commented
Twitter
Facebook