Panu Höglund
I dtús mhí na Nollag tharla ár uafásach sa chathair bheag úd Imatra in oirthear na Fionlainne. Bhí triúr ban díreach ag imeacht ó theach tábhairne, nuair a thosaigh fear óg, agus é i luíochán rompu, ag loscadh urchair leo. Bhí an triúr ban – polaiteoir áitiúil de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta agus beirt iriseoirí – marbh ar an toirt, agus d’fhan an buachaill mar a raibh sé gan iarracht ealaithe ar bith. Nuair a tháinig scuadcharr na bpóilíní, bhí sé sásta é féin a chur in iúl agus a ghéilleadh do na constáblaí. De réir ráiteas na bpóilíní, ní raibh tucaidí polaitiúla aige leis an ainghníomh. Cé nach raibh sé ach cúpla bliain is fiche d’aois, bhí cuid mhaith ama caite aige i dtóin an phríosúin cheana féin, ós rud é go raibh sé tar éis iarracht dúnmharaithe a dhéanamh roimhe seo.
Is éard a dúirt na póilíní linn, mar sin, ná gur gníomh fánach a bhí ann agus nach raibh an t-ógánach meáite ar na mná áirithe seo a mharú thar aon duine eile. Scéal eile é áfach nach raibh moill ar bith ar na ”criticeoirí inimirce” mar a thugas siad orthu féin, is é sin na ciníochaithe eagraithe, laoch a ghairm den dúnmharfóir. Tháinig duine den dream ar ghrianghraf den pholaiteoir mharaithe agus í ag fáiltiú roimh lucht iarrtha tearmainn go dtí an Fhionlainn, agus d’fhoilsigh sé do ghrúpa chiníoch ar Facebook é. An t-aisfhreagra a fuair an grianghraf seo chuirfeadh sé samhnas ort. Bhí baill an ghrúpa barúlach go bhfuair an bhean an rud ab airí uirthi, agus iad ag fógairt go mba chóir bonn óir a bhronnadh ar an bhfear a mharaigh í. Ar ndóigh bhí an bosca tráchtaireachta ag cur thar maoil le fantaisíochtaí craicinn faoin gcineál caidrimh a bhí ag an mbean le fir a bhí ag lorg tearmainn.
Seo é an chuma atá ar nósanna idirlín na Fionlainne inniu. Agus ní hiad na ciníochaithe an t-aon dream a bhaineas a leas féin as tragóidí den chineál seo. Go gairid i ndiaidh an dúnmharaithe tháinig cuntas nua faoin ainm ‘Nuacht Imatra’ chun saoil ar an nGiolcaire – cuntas nach raibh baint ar bith aige le haon nuachtán i gceantar Imatra. Chuir an cuntas seo a chasadh féin sna himeachtaí, ag áitiú gur fear míleata ar fiannas in arm na Fionlainne ab ea an dúnmharfóir agus gur mná Rúiseacha a maraíodh; bhí an dá rud bun os cionn ar fad leis an bhfírinne, ar ndóigh. Ach is léir gurb í an Rúis a bhí ag cur ‘cogadh eolais’ ar an daonlathas iartharach ansin, arís eile.
Maidir leis an dúnmharfóir féin, dealraíonn sé i láthair na huaire go bhfuil an ceart ag na póilíní – go raibh fadhbanna síciatracha aige, seachas tucaidí polaitiúla. Ón taobh eile de, tá sé incheaptha go bhfuair sé tolgadh ó atmaisféar na tíre faoi láthair: bíonn lucht an chiníochais ag baint suilt as pictiúirí na leanaí báite Siriacha ar chladaí na Meánmhara mar a bheadh pornagrafaíocht ann, agus iad ag caitheamh anuas ar pholaiteoirí Daonlathacha Sóisialta ó lá go chéile is ag moladh Anders Behring Breivik as an ár a rinne sé. Is é an teachtaireacht atá na ciorcail seo ag reic le fir óga ná gur laochra a bheas iontu má dhúnmharaíonn siad polaiteoirí príomhshrutha. Gach seans gur ghlac murdaróir Imatra leis an ordú seo.
Scríbhneoirí Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund.